skip to main content

Daoine san Inse, Co an Chláir, le leanúint dá n-agóid

Iarrthóir tearmainn ón iasacht ag cur fúthu san Inse, Co an Chláir
Iarrthóir tearmainn ón iasacht ag cur fúthu san Inse, Co an Chláir

Tá ráiteas eisithe ag daoine san Inse i gCo an Chláir trathnóna ina gcuireann siad in iúl nach mbeidh siad ag cur deireadh go fóill lena n-agóid shíochánta in aghaidh ionaid do lucht iarrtha tearmainn sa cheantar.

I mí na Bealtaine, tarraingíodh aighneas san Inse nuair a lonnaigh an Roinn Lánpháirtíochta 30 fear in iarostán sa sráidbhaile.

Dar le muintir na háite nach bhfuil an t-ionad oiriúnach agus go bhfuil sé i bhfad ró-iargúlta i gcomhair dídeanaithe.

Deir siad nach bhfuil aon deiseanna fostaíochta ná seirbhísí tacaíochta ann do na fir.

Cé gur cuireadh bacainní ar an mbóthar ag an am, tugadh chun bealaigh iad tar éis cruinniú a bhí ag daoine áitiúla leis an Aire Stáit sa Roinn Lánpháirtíochta Joe O'Brien.

Mar sin féin, tá agóid shíochanta fós ar bun taobh amuigh den ostán.

Bhí an dara cruinniú ag toscaireacht ón bpobal áitúil leis an Aire Stáit le déanaí arís go bhféachfaí leis an aighneas a réiteach.

Mhol Joe O'Brien sa chruinniú sin próiseas eadrána idir mhuintir na háite agus na dídeanaithe a chur sa siúl.

I ráiteas a eisíodh thar ceann an phobail trathnóna, áfach, maíodh nach raibh aon ghá dul i mbun comhráite leis na dídeanaithe.

Tá siad sásta, a dúradh, labhairt leo siúd a rinne an cinneadh iarrthóirí tearmainn a chur go dtí an ceantar a chéaduair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ