skip to main content

Mórchuardach fós ag dul ar mhion-fhomhuireán san Atlantach

Mion-fhomhuireán an Titan atá ar iarraidh san Atlantach Thuaidh
Mion-fhomhuireán an Titan atá ar iarraidh san Atlantach Thuaidh

Tá mórchuardach fós ag dul ar mhion-fhomhuireán atá ar iarraidh in uiscí doimhne an Atlantaigh os cionn míle ciliméadar amach ó chósta Mheiriceá Thuaidh.

Tuigtear go bhfuil cúigear san fhomhuireán beag – an píolota agus ceathrar paisinéirí – a bhí ag tabhairt turas faoi raiceáil an Titanic nuair a gearradh an chumarsáid idir í agus lucht a stiúrtha ar bharr na farraige arú inné.

Ní fios cad ba chúis le gearradh na cumarsáide.

Deirtear go bhfuil gach dícheall á dhéanamh ag lucht tarrthála teacht ar an bhfomhuireán, atá 21 troigh ar a fhad, ach gur mór an dúshlán é ós limistéar farraige an-fhairsing atá siad a chíorláil.

Tá idir eitleáin agus longa as Ceanda agus as na Stáit Aontaithe páirteach sa chuardach.

Deirtear freisin nach féidir a bheith cinnte de an bhfuil an fomhuireán – dá ngairtear an Titan – an bhfuil sí fós in uiscí doimhne nó an bhfuil sí tagtha go barr na farraige i ngan fhios.

Thug Garda Cósta na Stát Aontaithe le fios inné go raibh sé d'acmhainn ag an árthach fanacht faoin uisce ar feadh suas le 96 uair an chloig.

Is iad an cúigear atá san fhomhuireán an toicí as an mBreatain Hamish Harding; an fear gnó as an bPacastáin Shahzada Dawood agus a mhac Sulaiman; an píolóta as an bhFrainc Paul-Henry Nargeolet; agus bunaitheoir an chomhlachta ar leis an t-árthach Stockton Rush.

Is fomhuireán ar leith í an Titan agus cosnaíonn turas uirthi go dtí raiceáil an Titanic beagnach ceathrú milliún euro an duine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ