Tá tús curtha inniu le "dianphlé" faoi 650 lucht oibre a ligean chun siúil go sealadach as Mianach na Teamhrach i gCo na Mí.
Ar maidin a thosaigh comhráite idir ceardchumann na noibrithe agus bainistíocht na cuideachta Bolinden ar leo an mianach san Uaimh.
An tseachtain seo caite a d'fhógair Bolinden go mbeadh an obair san áit "á cur ar fionraí go sealadach" as seo go ceann 4 seachtaine.
Deir an chuideachta gur déanadh an cinneadh le todhchaí fadtéarmeach an mhianaigh a chinntiú i bhfianaise "caillteanais shuntasacha neamh-inbhuanaithe".
Tá an gnó ag cailleadh airgid a deir Bolinden de bharr praghas since a bheith ag titim, de bharr costas ard fuinnimh agus de bharr an bhoilscithe i gcoitinne.
Deir SIPTU go bhfuil siad ag tabhairt go dearfach dóchasach faoi na cainteanna ar mhaithe leis an mianach a choinneáil ag feidhmiú.
Phléigh an chuideachta agus an ceardchumann an t-ábhar le roinnt laethanta anuas agus tabharfar faoi dhianchomhráite as seo go ceann seachtaine.
Chas an tAire Fiontair Simon Coveney leis an dá thaobh an tseachtain seo caite agus dúirt sé go mbeifí ag díriú ar thacaíocht a thabhairt don lucht oibre agus a theacht ar bhealach leis an mianach a athoscailt.
Is í an Teamhair an mianach since is mó san Eoraip agus táthar ag tochailt go tionsclaíoch ann ó na 1970í.
Ghlac an chuideachta Sualannach Bolinden seilbh ar an ngó i 2004.