skip to main content

Tá ardú ag teacht ar an éileamh ar ghainneáil ar ghnéas, a deir Ruhama, cumann carthanachta a chuidíonn le híospartaigh

Thug Barbara Condon, príomhfheidhmeannach Ruhama, le fios go dtuiltear thart ar €180m as gainneáil ar ghnéas in aghaidh na bliana, in Éirinn amháin.
Thug Barbara Condon, príomhfheidhmeannach Ruhama, le fios go dtuiltear thart ar €180m as gainneáil ar ghnéas in aghaidh na bliana, in Éirinn amháin.

Tháing ardú le linn 2022 ar líon na ndaoine a bhí ag lorg cuidithe ón eagraíocht Ruhama. Cuireann Ruhama cúnamh ar fáil do dhaoine a mbaintear leas gnéis astu ar mhaithe le brábús a dhéanamh.

Deir Ruhama go léiríonn an t-ardú seo go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar ghainneáil ar ghnéas.

Lorg 147 duine cúnamh ó Ruhama i 2022, 45 acu siúd a bhí ag teacht chucu den chéad uair. Is ionann sin agus 60% d'ardú idir 2021 agus 2022 ar líon na ndaoine a bhí n-atreorú chuig an eagras den chéad uair.

Thug Barbara Condon, príomhfheidhmeannach Ruhama, le fios go dtuiltear thart ar €180m as gainneáil ar ghnéas in aghaidh na bliana, in Éirinn amháin.

Is beag an dul chun cinn atá déanta ag an tír seo le dul i ngleic leis an tionscal mídhleathach seo, de réir tuarascála atá foilsithe le gairid ag Foras Stáit na Stát Aontaithe um Ghainneáil ar Dhaoine.

"Tá baol agus foréigean go baint go smior leis an tionscal seo", a dúirt Barbara Condon inniu. "Bíonn na híospartaigh fágtha an-suaite ar fad. D'fhéadfadh an tír seo i bhfad níb mhó a dhéanamh chun deireadh a chur leis."

Thug sí le fios go bhfuil achtú de dhíth go práinneach ar an mBille um Cheartas Coiriúil (Coireanna Gnéis agus Gainneáil ar Dhaoine, 2022) agus ar an Tríú Plean Gnímh Náisiúnta um Chosc ar Ghainneáil ar Dhaoine agus ar an Tríú Stráitéis Náisiúnta um Chosc ar Fhoréigean Teaghlaigh, Gnéis agus Inscne.

Rinne Barbara Condon cáineadh freisin ar sholáthar díreach, ag rá go bhfuil sé go hiomlán míchuí loistín a thabhairt d'íospartaigh sa gcóras sin.