Báthadh 78 imirceach ar a laghad nuair a chuaigh a mbád síos amach ó chósta na na Peilipinéise i ndeisceart na Gréige go moch ar maidin inniu.
Deir Garda Cósta na Gréige gur tugadh thart ar 100 duine eile slán ón uisce ach go ndealraíonn sé go bhfuil an t-anrud daoine ar iarraidh fós.
Go deimhin, deir carthanas idirnáisiúnta go mb'fhéidir go raibh suas le 400 imirceach ar an mbád.
Tá longa cabhlaigh, eitleáin mhíleata, héileacaptair agus iomaí sórt báid páirteach sa chuardach atá curtha ar na himircigh.
Is in uiscí idirnáisiúnta i Muir Iónach a chuaigh an bád síos agus tuairiscítear go raibh gaoth láidir ann ag an am.
Dar le Garda Cósta na Gréige freisin go bhfaca criú eitleáin faire a bhí ar patról sa limistéar inné, go bhfaca siad an bád ach gur dhiúltaigh na paisinéirí glacadh le cúnamh uathu.
Ní raibh seaicéid tarrthála á gcaitheamh ag na paisinéirí, a dúirt lucht an eitleáin.
Ceaptar gurb as an Libia a sheol an bád ar an gcéad dul síos agus gur ar an Iodáil a bhí a haghaidh.
Go dtí inniu, tuairiscíodh 48 imirceach a bheith ar iarraidh i limistéar na Meánmhara Thoir i mbliana, i gcomparáid le 378 sa tréimhse chéanna anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ