Deir oibrithe i gcomhlacht Tara Mines san Uaimh, Co na Mí, go bhfuil siad suaite go mór ag cinneadh na n-úinéirí an mianach since a dhúnadh go ceann tamaill agus 650 fostaí a leagan as obair idir an dá linn.
Is de réir a chéile as seo go ceann ceithre seachtaine a dhúnfar an mianach ach níl sé soiléir cén uair a osclófar arís é, má osclófar.
Dar le duine d'ionadaithe ceardchumainn na mianadóirí, Michael Fitzgerald, gur tháinig an scéala aniar aduaidh orthu nuair a fógraíodh sna meáin aréir é.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt sé nach dea-thuar é go bhfuil sé admhaithe ag na húinéirí nach bhfuil tuairim acu cén uair a osclófar an mianach arís.
"An seachtainí nó míonna a bheas i gceist? Cá bhfios?" arsa Michael Fitzgerald.
Is mór an crá croí, ar sé, an neamhchinnteacht.
Tá an scéal le cíoradh i gcruinniú idir ionadaithe ón gceardchumann SIPTU agus an bhainistíocht inniu.
Tá sé tugtha le fios ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Simon Coveney go bhfuair sé féin cogar an scéil tráthnóna inné.
Dúirt sé freisin go raibh a fhios aige le cúpla mí go raibh an comhlacht ag cargáil le costais fuinnimh.
Fíor-dhrochscéala atá ann, ar sé, ní hamháin do na 650 fostaí ach don 2,000 duine eile i gceantar na hUaimhe a bhfuil baint acu leis an mianach, leithéidí conraitheoirí agus soláthróirí.
Dar leis an Aire Coveney go bhfuil gach uile dhuine a bhfuil guthaíocht acu ar an gceist ag obair go dúthrachtach lena chinntiú go n-osclófar an mianach arís a luaithe is féidir.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt bainisteoir ginearálta mháthairchomhlacht Tara Mines, ámh, go raibh an mianach san Uaimh ag cailleadh airgid as éadan.
Thug Gunnar Nyström le fios go bhfuil an margadh since thar a bheith luaineach agus go bhfuil praghsanna tite go tubaisteach le gairid.
Osclaíodh an mianach san Uaimh i 1977 agus tá sé ar an mianach since is mó san Eoraip.
Tá polaiteoirí áitiúla ó pháirtithe éagsúla ag éileamh ar an Rialtas teann a ndíchill a dhéanamh leis an gcás a fhuascailt agus an mianach a shábháil ar dhíomhaointeas.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ