Tá súil ag Roinn na Gaeltachta tús a chur leis an phróiseas athbhreithnithe maidir le feidhmiú na bpleananna teanga i mbliana.
Thug an Roinn le fios do 7LÁ go bhfuil "tairiscint á scrúdú faoi láthair chun sainchomhairleoir a roghnú".
Dúradh fosta go mbeadh "deis ag ceanneagraíochtaí aischothú a thabhairt" le linn na hoibre agus "go n-aithneodh an próiseas dúshláin maidir lena gcur bhfeidhm", chomh maith le "samplaí de dhea-chleachtas agus deiseanna chun feabhais".
Ní dhearna aon chomhlacht iarratas ar thairiscint i mí Eanáir chun athbhreithniú a dhéanamh ar an phróiseas pleanála teanga ach dúirt an Roinn san earrach go raibh "roghanna eile á scrúdú i dtreo cinneadh a bheith déanta gan rómhoill eile".
Chonaic 7LÁ cóip den iarratas ar thairiscintí a d'fhoilsigh an Oifig um Sholáthar Rialtais thar ceann Roinn na Gaeltachta an t-am sin agus luadh ann go mbeadh cúig mhír i gceist, lena n-áirítear:
- Cur chuige a ullmhú chun athbhreithnithe a dhéanamh ar phleananna teanga
- Athbhreithniú a dhéanamh ar na chéad deich bplean teanga sna Limistéir Phleanála Teanga
- Tuairisc a chur ar fáil don Roinn agus do na ceanneagraíochtaí pleanála teanga
- Mórthuairisc a réiteach ón anailís ar na deich bplean teanga
- Moltaí a chur ar fáil faoin méid a d'fhéadfadh Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a dhéanamh chun cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga a fheabhsú.
Tá 36 plean teanga ceadaithe ag an Stát – idir 26 Limistéar Pleanála Teanga, seacht mbaile seirbhíse Gaeltachta agus trí líonra Gaeilge.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ