skip to main content

Leithscéal gafa ag póilíní le "Fir na gCochall" faoi dhrochíde

Cuid de na fir ar ghabh na póilíní leithscéal leo
Cuid de na fir ar ghabh na póilíní leithscéal leo

Tá leithscéal gafa ag na póilíní sa Tuaisceart le ceithre fhear déag ar tugadh íospairt dóibh nuair a gabhadh iad corradh le leathchéad bliain ó shin.

Bhí na fir i measc na gcéadta a ghabh Arm na Breataine nuair a tugadh isteach an t-imtheorannú sa Tuaisceart i mí Lúnasa 1971.

Cé gur saighdiúirí a ghabh na fír ba saighdiúirí agus póilíní araon a cheistigh iad.

Agus iad faoi choinneáil i mbeairic Bhaile Uí Cheallaigh i gCo Dhoire, imríodh díothú céadfach ar na fir.

Tarraingíodh cochaill anuas ar a gcloigne, fágadh gan uisce agus bia iad agus níor ligeadh dóibh codladh a dhéanamh.

Dhá bhliain go leith ó shin, rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine go raibh sé mícheart ag na póilíní gan fiosrúchán a chur sa siúl faoin gcaoi ar caitheadh leis na fir, a dtugtar "Fir na gCochall" orthu go minic.

Rialaigh an chúirt i mí na Nollag 2021 go raibh cinneadh na bpóilíní gan an scéal a fhiosrú bunaithe ar thuarascáil a bhí "fíorlochtach" agus nár chóir aon ghlacadh a bheith leis.

Rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i 1978 agus arís in 2018 nach céasadh a bhí sa drochíde a tugadh do na fir.

Malairt tuairime, áfach, a thug Cúirt Uachtarach na Breataine a rialaigh in 2021 go raibh sé de cheart céasadh a thabhairt air i dtéarmaí an lae inniu.

Cailleadh duine de na ceithre fhear déag, Joe Clarke, inné ach ghabh na póilíní leithscéal leis Déardaoin seo caite agus é ar leaba a bháis.

Ghabh ardchonstábla na bpóilíní Simon Byrne leithscéal leis na fir atá fós ina mbeatha nuair a bhuail sé leo i mBéal Feirste ar maidin inniu.

Dúirt aturnae na bhfear Darragh Mackin go bhfuil sé in am anois ag Roinn Cosanta agus Rialtas na Breataine leithscéal a ghabháil lena chuid cliant chomh maith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ