skip to main content

400 post nua le cur ar fáil ag comhlacht seirbhísí digiteacha

Ceanncheathrú ServiceNow, Pleasanton, California
Ceanncheathrú ServiceNow, Pleasanton, California

Tá an comhlacht seirbhísí digiteacha as Meiriceá ServiceNow le 400 post nua a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath as seo go ceann trí bliana.

Is i rannóga díolachán, innealtóireachta, agus taighde agus forbartha an chomhlachta a chruthófar na poist úra.

Tá léas dhá bhliain déag tógtha amach ag ServiceNow ar fhoirgneamh ollmhór nua-aimseartha ar Shráid Dhásain i lár Baile Átha Cliath, áit a bhfuil 400 oibrí lonnaithe cheana féin.

Tá neart custaiméirí móra idirnáisiúnta ag an gcomhlacht, léithéidí Vodafone agus BT, chomh maith le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur dea-scéala mór millteach don earnáil teicneolaíochta in Éirinn is ea cinneadh ServiceNow 400 post nua ardchaighdeáin a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath.

Dar le príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail, Michael Lohan, gur mhór an éacht a rinneadh na poist nua a mhealladh chun na tíre seo.

Thug sé le fios freisin go gcuideodh an scéal leis an ngníomhaireacht cur ina luí ar chomhlachtaí eile san am atá le teacht gur bunáit iontach í Éire don earnáil teicneolaíochta.

Os a choinne sin ar fad, áfach, léiríonn suirbhé nua a rinneadh thar ceann lucht an tsuímh ghréasáin IrishJobs.ie nach bhfuil an oiread suime agus a bhíodh ag céimithe tríú leibhéal dul ag obair do chomhlachtaí teicneolaíochta idirnáisiúnta.

Is cosúil gur fearr leo – faoi láthair ar aon chuma – na hearnálacha baincéireachta, déantúsaíochta agus cógaisíochta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ