Tá iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump cúisithe ag ardghiúiré feidearálach i gcáipéisí rúnaicmithe rialtais a choinneáil tar éis dó imeacht as an Teach Bán in 2021 agus i mbac a chur ar riar na córa.

Tuigtear go bhfuil cúig chúis eile curtha ina leith chomh maith – comhcheilg a bheith ar bun aige agus ráitis bhréige a dhéanamh ina measc.

Deir a dhlíodóir go dtabharfar Donald Trump os comhair cúirte in Miami Dé Máirt seo chugainn.

Baineann an scéal leis an ruathar gan choinne a rinne gníomhairí ón FBI ar eastát an iar-Uachtaráin in Florida i mí Lúnasa anuraidh.

Chuardaigh na gníomhairí an áit go mion agus thug siad leo na mílte cáipéis a bhí faoi ghlas i dtaisceadán.

Mhaígh duine de chliamhaineacha Donald Trump ag an am gur gearrthóga ó nuachtáin agus grianghraif a bhí sna cáipéisí, agus nach raibh iontu ach cuimhneacháin bheaga ar a théarma oifige a raibh sé i dteideal iad a choinneáil.

Tuigtear, áfach, go raibh thart ar chéad cáipéis rúnaicmithe ina measc.

De réir an dlí, ba cheart aon cháipéis rúnaicmithe a bhí ina sheilbh ag Donad Trump a bheith tugtha ar láimh aige do Chartlann Náisiúnta na Stát Aontaithe nuair a tháing deireadh lena théarma oifige.

Tá Donald Trump ag áitiú go raibh na cáipéisí dí-rúnaicmithe aige sular imigh sé as an Teach Bán.

Tá roinnt fiosrúchán ar bun ag gníomhaireachtaí éagsúla faoi ghnóthaí Donald Trump, idir a ghnó polaitiúil agus a ghnó príobháideach.

I mí Aibreáin seo caite, cúisíodh é in íocaíochtaí neamhdhleathacha a thabhairt do bhean nuair a bhí a fheachtas toghchánaíochta don uachtaránacht faoi lán seoil in 2016.

Cuirtear ina leith gur íoc sé $130,000 leis an mbean – Stormy Daniels – le go gcoinneodh sí an caidreamh collaí a deirtear a bhí eatarthu ina rún.

Is é Donald Trump an chéad iaruachtarán Meiriceánach riamh a cúisíodh i gcion coiriúil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ