Deir na húdaráis san Úcráin go bhfuil limistéar 600 ciliméadar cearnach faoi uisce ó bearnaíodh damba mór ar Abhainn na Dnípire i ndeisceart na tíre arú inné.
5.61 méadar is ea meándoimhneacht an uisce sa limistéar trí chéile, a deirtear, ach taibhsíonn sé gur measa an scéal ar an taobh thiar den Dnípir atá ina seilbh ag fórsaí Úcránacha ná ar an taobh thoir atá ina seilbh ag na Rúisigh.
Dar leis na hÚcránaigh go bhfuil 68% den talamh ar a dtaobh siúd den abhainn báite le hais 32% ar thaobh na Rúiseach.
Tá sé ráite freisin ag seirbhísí éigeandála na hÚcráine go bhfuil tuairim is 2,000 duine – 100 páiste ina measc – tugtha slán ó na háiteanna is measa a buaileadh.
Creidtear gur theith na mílte eile roimh an tuile dá ndeoin féin, saoránaigh chathair Kherson síos an abhainn ón damba ina measc.
D'iarr Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ar charthanais idirnáisiúnta teacht i gcabhair ar lucht an chaill sa limistéar gan mhoill.
Thug an tUachtarán Zelensky sciuird ar an áit inniu agus dúirt sé go raibh Úcránaigh i gceantair atá ina seilbh ag fórsaí Rúiseacha fágtha gan riar a gcáis.
Tá ganntanas fíoruisce agus bia sna háiteanna sin, arsa sé, gan trácht ar sholáthairtí leighis.
Tá idir thuile agus dhísc i dtreis ó tá barra i gceantair curadóireachta fágtha gan uisciú de bhíthin an t-uisce ón damba a bheith leata as éadan ar fud an bhaill.
Tá an baol ann, a deir na hÚcránaigh, gur aimride agus báine atá i ndán do leathmhilliún heictéar de thalamh curadóireachta in abhantrach na Dnípire.
Tá sé geallta ag an mBanc Domhanada go ndéanfaidh ionadaithe an bhainc measúnú ar an lot tíre atá déanta ag an tuile mhór agus ar na riachtanais atá ag daoine i limistéar na Dnípire.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ