skip to main content

Tús le próiseas a mbeidh Acht Gaeilge ó thuaidh mar thoradh air

Acht Gaeilge sa Tuaisceart: céim eile glactha i Westminster agus muid ag tarraingt ar cheann an riain
Acht Gaeilge sa Tuaisceart: céim eile glactha i Westminster agus muid ag tarraingt ar cheann an riain

Fógraíodh i dTeach na dTiarnaí sa Bhreatain inniu go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas rialacháin a mbeidh Acht Gaeilge sa Tuaisceart mar thoradh air.

Tugadh le fios freisin go gcuifear próiseas ceapacháin sa siúl sna seachtainí atá romhainn i riocht agus go mbunófaí Oifig Choimisinéir Teanga ó thuaidh.

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an bhfógra seo agus deir siad go bhfuil dóchas acu go mbeidh Coimisinéir Teanga ann faoin bhfómhar.

Teastaíonn ón gConradh freisin gnéithe eile den reachtaíocht teanga a ritheadh anuraidh a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart gan mhoill.

I ráiteas, dúirt an Conradh gur mithid – thar aon ní eile faoi láthair – an dlí a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna a chur ar neamhní.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ