'Ní bhainfidh an tír seo amach a cuid spriocanna ná baol air faoi 2030 i dtaca le hathrú na haeráide a chur ar gcúl mura gcuirtear athruithe suntasacha i bhfeidhm' a deir an Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil (EPA).

'Má chuirtear na polasaithe agus na beartais i dtaca le dul i ngleic leis an athrú aeráide i bhfeidhm go hiomlán mar atá leagtha síos faoi láthair,is 29% de laghdú a thiocfadh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030' a deir an eagraíocht.

51% an sprioc atá ann de réir dlí.

Deir an EPA go gcaithfidh gach earnáil laghdú cuimsitheach a dhéanamh go tapa maidir lena gcuid astaíochtaí agus gásanna nimhneacha.