skip to main content

Ardú 387,274 duine – 8% – ar dhaonra an Stáit

Ardú 8% ar an daonra
Ardú 8% ar an daonra

Léiríonn na figiúirí is deireanaí ó Dhaonáireamh 2022 go raibh 5,149,139 duine sa Stát oíche an 3 Aibreán anuraidh.

Sin ardú 387,274 duine – nó 8% – ó Dhaonáireamh 2016.

D'fhás an daonra i ngach aon cheann de chontaetha riaracháin an Stáit.

I nDún na nGall, i gCill Chainnigh agus i dTiobraid Árann a bhí an fás ba lú, mar a bhí, 5%.

I gCo an Longfoirt a bhí an fás ba mhó, mar a bhí, 14%.

Ina dhiaidh sin, fás 13% a tháinig ar an daonra i gCo na Mí, 12% i bhFine Gall agus 11% i gCill Dara.

San aoisghrúpa os cionn 70 bliain a bhí an fás ba mhó, mar a bhí, 26%.

Bhí laghdú 4% ar an aoisghrúpa idir 25 agus 39 bliain.

De réir na faisnéise a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh, d'ardaigh aois mheánach an daonra go 38.8 bliain in 2022 ó 37.4 in 2016. 36.1 a bhí ann in 2011.

Fireannaigh ab ea 2,544,549 den daonra ar an 3 Aibreán 2022 agus baineannaigh ab ea 2,604,590 díobh.

Saoránaigh de chuid tíortha eile chomh maith leis an tír seo ab ea 170,597 duine, ar ardú 63% é ó 2016.

Léiríonn an fhaisnéis chomh maith gur oibrigh aon trian d'oibrithe na tíre ón mbaile, cuid den tseachtain ar laghad. Sin 747,961 duine.

I dtaca le le cúrsaí creidimh de, thug 69% den daonra le fios gur Chaitlicigh iad, sin laghdú ó 79% in 2016.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ