skip to main content

An t-ealaíontóir Graham Knuttel tar éis bháis

Graham Knuttel sna 1990í
Graham Knuttel sna 1990í

Tá an t-ealaíontóir Éireannach mór le rá Graham Knuttel tar éis bháis. Bhí sé 69 bliain d'aois.

De réir leathanach oifigiúil Facebook an ealaíontóra, fuair sé bás Dé Sathairn seo caite.

Rugadh Graham Knuttel i mBaile Átha Cliath i 1954 agus oileadh é sa dealbhóireacht agus sa phéintéireacht i gColáiste Ealaíne agus Deartha Dhún Laoghaire.

Is leis an dealbhóireacht a chuaigh sé ar an gcéad dul síos ach thiontaigh sé ar an bpéintéireacht ina dhiaidh sin, athrú ar bhain sé tairbhe mhór as.

Bhí cáil air i dtús a shaoil ghairimiúil as na dealbha mór a chruthaigh sé agus ina dhiaidh sin as gealdhathanna a chuid pictiúr.

Bhí an-tóir ar a chuid saothar i measc bónna móra fearacht na n-aisteoirí Robert De Niro agus Sylvester Stallone.

Shaothraigh sé a lán airgid freisin as cead a thabhairt a chuid pictiúr a chur ar fáil ar bhonn tráchtála agus tá cuid de na híomhánna is cáiliúla leis le feiceáil ar léithéidí mataí boird agus mar sin de.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ