Bhí 20,261 cainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht anuraidh, de réir faisnéise ó Dhaonáireamh 2022 a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu. Sin laghdú 1.6% ó Dhaonáireamh 2016.
Daoine a labhair Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a bhí i gceist.
Ní mar a chéile a bhí an scéal i ngach ceantar Gaeltachta. Deirtear gur ardaigh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge beagnach 9% i nGaeltacht na Rinne agus 4% i nGaeltacht Chiarraí.
I dtaca leis an Stát trí chéile de, deirtear go raibh Gaeilge ag beagnach 1.9 milliún duine os cionn trí bliana d'aois in 2022, ar ardú 6% é ó 2016.
Thuairiscigh duine as gach deichniúr acusan go raibh "Gaeilge an-mhaith acu" agus thuairiscigh aon trian díobh agus go raibh "Gaeilge mhaith" acu.
Deirtear chomh maith gur thuairiscigh os cionn 620,000 duine gur labhair siad Gaeilge go laethúil sa chóras oideachais nó taobh amuigh de.
70,000 acu a dúirt gur labhair siad í go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, ar laghdú 2% é sin i gcomparáid le Daonáireamh 2016.
Tá faisnéis shuntasach sna figiúirí a foilsíodh inniu, dar leis an sochtheangeolaí an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin ó Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán in Albain.
"Maidir leis an laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla taobh amuigh den chóras oideachais sa nGaeltacht, beidh sé tábhachtach scagadh breise a dhéanamh ar na mionstaitisticí nuair a thagann siad amach, ach mar sin féin is léiriú eile é ar a mhísheasmhaí agus atá an Ghaeltacht chomhaimseartha.
"Ag leibhéal na Limistéar Pleanála Teanga sa nGaeltacht, tugtar cuntas measctha i gcás na gceantar i gCatagóir A ach titim thar a bheith suntasach i gcás cuid de na ceantair i gCatagóir B.
"Is dóigh go léiríonn an cheist nua faoin gcumas Gaeilge atá daoine éifeacht an chórais oideachais agus nach léiriú é i ndáiríre ar labhairt líofa na Gaeilge. Mar shampla, i gcás na ngasúr trí bliana agus ceithre bliana d'aois, tuairiscítear Gaeilge an-mhaith a bheith ag 7.5% den aoisghrúpa seo. Tá an figiúr seo inchurtha le líon na ndaltaí atá ar scoil sa Ghaeltacht nó i nGaelscoil.
"Tá líon na ndaoine a mhaíonn go bhfuil cumas sa nGaeilge acu réasúnta seasmhach ó 2011 ar aghaidh, thart ar 40% de dhaonra an Stáit. Ach tuigtear go maith nach bhféadfadh 40% den daonra a bheith cumasach sa nGaeilge agus is léir go bhfuil cuid de na daoine seo ag caint ar an tábhacht shiombalach atá ag an nGaeilge dóibh."
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ