Tá píosaí ar leith den Bhealach Glas idir Sraith Salach agus an Clochán i gCo na Gaillimhe nach bhfuil críochnaithe fós agus deir feirmeoir san áit le Nuacht TG4 le RTÉ nach bhfuil sé sásta go mbeadh an Bealach Glas ar a chuid talún.
Nuair a bheidh sé tógtha tá sé i gcesit slí ghlas 72 ciliméadar a bheith idir Cathair na Gaillimhe agus cósta thiar-thuaidh Chonamara.
Blianta fada ó shin ó fuair Comhairle an Chontae cead pleanála don bhealach as an gClochán go hUachtar Ard - thart ar 32 ciliméadar.
Ach le gairid tá sé faighte amach nach chuile dhuine atá sásta.
Tá bearnaí fágtha ar an mBealach, gan slí rothaithe agus coisithe tógtha ar phaistí ar leith talún.
Deir an té ar leis ceann de na paistí talún sin le Seomra na Nuachta gur breá leis na slite glasa, ach go ndéanfadh an ród ar leith san áit a bhfuil seisean dhá leith den ghabhaltas ar a bhfuil a chuid eallaigh.
Deir sé gur lorg sé comhoibriú ón gComhairle Contae le theacht ar réiteach ach nach ndearna sé aon mhaith.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Darren Ó Dubhgáin ar Nuacht TG4 ag 1900.