skip to main content

Truisle bainte as Sóisialaigh san vótáil áitiúil agus olltoghchán tobann fógartha ag an bPríomhaire mí Iúil

Shaothraigh mórpháirtí na hEite Deise - an Partido Popular - 31% de na vótaí sna toghcháin áitiúla.
Shaothraigh mórpháirtí na hEite Deise - an Partido Popular - 31% de na vótaí sna toghcháin áitiúla.

Tá Príomhaire na Spáinne Pedro Sanchez tar éis olltoghchán tobann a fhógairt an 23ú mí Iúil, an lá tar éis dá Pháirtí Sóisialach buille mór a fhulaingt sna toghcháin áitiúla agus réigiúnda.

An Príomhaire Sanchez ag fógairt an olltoghcháin ar maidin.

Chaill na Sóisialaigh (PSOE) agus a gcomhghuaillithe sa rialtas náisiúnta Podemos suíocháin i vóta an deireadh seachtaine agus tá an Eite Dheis - an Partido Popular (PP) agus an páirtí Vox - tar éis treisiú.

Ina aitheasc gaisce dúirt ceannaire an PP Alberto Núñez Feijóo go raibh bua mór bainte amach acu agus go raibh "na chéad chéimeanna tógtha ag an Spáin i dtreo ré nua sa bpolaitíocht."

Ghnóthaigh an PP an líon is mó suíocháin áitiúla sa toghchán agus tá seilbh tógtha freisin ach ar 6 réigiún a bhíodh faoi cheannas Sóisialach.

Ach beidh an PP i dtuilleamaí Vox le rialú sna réigiúin sin - údar míshuaimhnis do Núñez Feijóo a deir tráchtairí.

Deir saineolaithe go bhfuil Vox - páirtí atá i bhfad amach ar an Eite Dheis - anois ag súil nach mbeidh an PP in ann rialú go réigiúnach dá bhfuireasa, agus gur gearr go mbeidh siad ag brath freisin orthu go náisiúnta.

Deir lucht cíortha na polaitíochta sa Spáinn gur eol go maith do cheannaire an PP go gcaithfear pobal mór vótála an Láir a shásamh agus go bhfuil sé tar éis polasaithe an pháirtí a mhaolú chuige sin, ar mhaithe leis an PP a scaradh ó Vox.

Sa n-iomlán sna toghcháin áitiúla shaothraigh an PP 7 milliún vóta (31.5%) i gcomparáid le 6.3 milliún don PSOE (28%).

64% den phobal a chaith vóta, 1% de laghdú ar an toghchán deirneach i 2019.