skip to main content

11 duine gafa faoi ionsaí lámhaigh ar phóilín sinsearach

John Caldwell
John Caldwell

Tá aon duine dhéag gafa ag na póilíní sa Tuaisceart maidir leis an iarracht a rinneadh ar bhleachtaire sinsearach a mharú i gCo Thír Eoghain trí mhí ó shin.

Lámhachadh John Caldwell roinnt uaireanta taobh amuigh d'ionad spóirt agus áineasa san Ómaigh ar an 22 Feabhra.

Gortaíodh go han-dona é ach tá sé ag teacht chuige féin ó shin.

Creideann na póilíní gurb é an grúpa dá ngairtear an tIRA Nua i gcomhar le drong coireachta a bhí freagrach as an ionsaí lámhaigh.

Naonúr fear agus beirt bhan idir 21 bliain agus 72 bliain d'aois atá san aon duine dhéag a gabhadh ar maidin.

Is san Ómaigh agus in Oileán an Ghuail a gabhadh iad, agus tá siad á gceistiú i mBéal Feirste faoi Acht Sceimhlitheoireachta na Breataine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ