Tá lucht an fhiosrúcháin scóipe maidir le mí-úsáid ghnéis i scoileanna a bhí nó atá fós faoi stiúir na n-ord eaglasta tosaithe ar theagmháil a dhéanamh le daoine a d'fhulaing íospairt le linn dóibh a bheith ina ndaltaí scoile.
Tuigtear do Nuacht RTÉ go bhfuiltear tar éis teagmháil a dhéanamh le 220 duine a léirigh spéis páirt a ghlacadh san fhiosrúchán a bhunaigh an Rialtas dhá mhí ó shin.
Nuair a fógraíodh an fiosrúchán scóipe i mí an Mhárta, tugadh cúig seachtaine do dhaoine a d'fhulaing mí-úsáid ghnéis i scoileanna fógra a thabhairt dá mbeadh fonn orthu páirt a ghlacadh ann.
Tá an spriocdháta caite ón 17 Aibreán agus le seachtain anuas tá comhfhreagras faighte ag na daoine a léirigh spéis ann ina mínítear an próiseas rannpháirtíochta dóibh.
D'eascair an fiosrúchán scóipe as clár fáisnéise a craoladh ar RTÉ Raidió 1 i mí na Samhna anuraidh maidir le hionsaithe gnéis a rinneadh ar na deartháireacha David agus Mark Ryan i gColáiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath.
Thug na Gardaí le fios i mí Feabhra seo caite go ndearna 131 duine teagmháil le hAonad Coireanna Gnéis an Gharda Síochána i ndiaidh an chláir maidir le hionsaithe gnéis a mhaígh siad a rinneadh i scoileanna de chuid Ord an Spioraid Naoimh.
Beidh dhá chuid sa phróiseas le haghaidh marthanóirí.
Ar an chéad dul síos, iarrfar ar dhaoine ceistneoir a líonadh a bhaineann leis an scoil a raibh siad uirthi agus na blianta ar fhreastail siad uirthi. Beidh rogha acu na ceisteanna a fhreagairt go leictreonach, sa phost nó ar an teileafón.
Ar an dara dul síos, má thoilíonn siad leanúint ar aghaidh, iarrfar orthu a scéal a insint in agallamh ar líne, ar an teileafón, i scríbhinn nó i láthair oifigigh an fhiosrúcháin.
Dúirt an tAire Foley i mí an Mhárta nach le hOrd an Spioraid Naoimh amháin a bhainfeadh an fiosrúchán scóipe ach go mbreathnófaí ar gach ord eaglasta sa Stát a bhfuil baint acu le scoileanna.
D'fhiafraigh Nuacht RTÉ den Roinn Oideachais cén sainmhíniú atá aontaithe ar "scoileanna faoi stiúir oird eaglasta".
An bhfiosrófar, cuir i gcás, bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal a bhí á reáchtáil ag an Stát ach arbh iad na hoird eaglasta a chuir an fhoireann teagaisc ar fáil dóibh?
Sa fhreagra a tugadh do Nuacht RTÉ, dúirt an Roinn Oideachais gur bunaíodh an fiosrúchán mar fhreagra ar na tuairiscí maidir le mí-úsáid i roinnt scoileanna lae agus cónaithe atá faoi stiúir na n-ord eaglasta agus gur ag na scoileanna sin a bheadh "tús áite".
Ina dhiaidh sin féin, a dúirt an Roinn, díreoidh an fiosrúchán ar an earnáil scoile ina hiomláine agus ar na córais chosanta leanaí i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal araon.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ