Tá an t-ollchomhlacht teicneolaíochta Meiriceánach Meta le thart ar 490 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil.

Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú idirnáisiúnta Meta agus ballaíocht ar 2,600 duine atá ag obair don chomhlacht sa tír seo faoi láthair.

Fostaithe lánaimseartha atá ag obair sna rannóga airgeadais, díolachán, margaíochta, anailísíochta, oibríochtaí agus innealtóireachta bunáite an dreama a leagfar as obair.

Meastar go gcuirfear próiseas iomarcaíochta sa siúl gan mhoill agus go rachfar i gcomhairle leis na fostaithe a bheas thíos leis.

Chomh maith le fostaithe lánaimseartha Meta, cuireann tuairim is 6,000 duine eile in Éirinn seirbhísí tacaíochta ar fáil ar conradh don chomhlacht.

Is le Meta na hardáin dhigiteacha Facebook, Instagram agus WhatsApp a bhfuil tóir ábhalmhór orthu ar fud an domhain.

I mí na Samhna seo caite, lig an comhlacht 11,000 fostaí chun siúil i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, 300 sa tír seo ina measc.

Maíodh ag an am gurbh é an rófhás neamh-inmharthana a tháinig le roinnt blianta ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta ba chúis leis na ciorruithe.

I mí an Mhárta i mbliana, thug Meta fios go rabhthas le 10,000 fostaí eile ar fud an domhain a ligean chun siúil chomh maith agus tuigtear go mbaineann an scéala a fuair na hoibrithe in Éirinn inniu, go mbaineann sé leis an bhfógra úd.

Dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg i mí an Mhárta go gcaithfeadh an comhlacht tús áite a thabhairt feasta d'éifeachtúlacht an chomhlachta thar aon ní eile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ