skip to main content

Aisteoir agus craoltóir Peadar Ó Cúláin tar éis bháis

Peadar Ó Cúláin
Peadar Ó Cúláin

Tá an t-aisteoir agus an t-iarchraoltóir raidió Peadar Ó Cúláin tar éis bháis.

Chaith Peadar roinnt mhaith blianta ag obair mar chlár-reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara agus bhíodh a ghlór le cloisteáil go minic ar chláir nuachta an stáisiúin.

Chuir sé a ghuth freisin le míreanna de chláir éagsúla a craoladh ar stáisiún teilifíse TG4.

Mar aisteoir, bhí páirt aige sa dráma raidió Baile an Droichid le Joe Steve Ó Neachtain a chraoltaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bhí aithne air freisin mar aisteoir stáitse agus teilifíse.

Ghlac sé páirt i gcuid mhór drámaí le Taibhdhearc na Gaillimhe, Aisteoirí Chois Fharraige agus Aisteoirí an Spidéil, agus bhí sé sa chlár píolótach den 'sobaldráma' Ros na Rún.

Rinne Peadar roinnt mhaith obair aistriúcháin freisin.

Ba ón Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe dó ó dhúchas ach bhí cónaí air le roinnt mhaith blianta i gceantar Bhóthar na Trá i gcathair na Gaillimhe.

Maireann a bhean agus cúigear clainne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ