Sa chúirt is airde san Aontas Eorpach inniu, éisteadh achomharc an Choimisiúin Eorpaigh in aghaidh rialú a rinneadh trí bliana ó shin nach raibh cáin €13.1 billiún amuigh ag Éirinn ar an ollchomhlacht teicneolaíochta Apple.
Is i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a éisteadh an cás inniu tar éis do Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a rialú in 2020 nach gcaithfeadh Apple an cháin a íoc.
Téann an scéal níos faide siar ná sin, ámh.
Is in 2016 a rialaigh an Coimisiúin Eorpach ar an gcéad dul síos go gcaithfeadh Apple an t-airgead a íoc.
Dar leis an gCoimisiún go raibh dhá rialú cánach a rinne na Coimisinéirí Ioncaim in Éirinn in 1991 agus in 2017 thar a bheith lochtach.
Maíodh gur measadh faoina luach an méid cánach a bhí amuigh ar Apple in Éirinn de bharr na rialuithe úd, agus ordaíodh don chomhlacht an €13.1 billiún a íoc agus ús €1.2 billiún ar a mhuin.
Rinne Apple agus Éire achomharc in aghaidh an rialaithe sin agus ghlac an Chúirt Ghinearálta lena gcúis.
Is achomharc ar an achomharc úd a rinne an Coimisiún Eorpach inniu.
Tá an t-achomharc bunaithe ar earráidí díthiúla a mhaítear a rinne an Chúirt Ghinearálta.
Éisteacht réasúnta gairid a bhí ann agus níor theastaigh ach lá amháin.
Meastar go n-eiseoidh an chúirt 'tuairim' i gceann sé mhí agus rialú deiridh sé mhí ina dhiaidh sin arís.
Deirtear go bhfuil Apple dóchasach nach n-éireoidh le hachomharc an Choimisiúin Eorpaigh.
Tá sé ráite ag an Roinn Airgeadais freisin go gcreideann an Rialtais gurb é rialú na Cúirte Ginearálta an rialú cóir.
Tá an €13.1 billiún i dtaisce i gcuntas eascró nó go n-eiseofar rialú críochnaitheach nach féidir dul thairis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ