Tá €1.2 billiún d'fhíneáil gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar Meta - máthairchuideachta Facebook – faoin dlí a shárú agus Meta ag aistriú sonraí pearsanta ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá sé ar an bhfíneáil is mó riamh gearrtha san AE faoi shárú príobháideachais agus é níos airde ná an €746 milliún a gearradh ar Amazon i 2021.

Mar chuid de bhreithiúnas an Choimisiúin tá ordú faighte ag Meta aistriú sonraí ón AE go SÁM a chur ar fionraí, ach tá 5 mhí acu géilleadh don ordú sin.
6 mhí atá faighte ag Meta le deireadh a chur leis an gcleachtas atá ag an gcuideachta sonraí pearsanta lucht úsáidte san Eoraip a phróiseáil agus a stóráil go mídhleathach i Meiriceá ar an mbonn gur sárú é ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).
Baineann an breithiúnas le Facebook ach ní bhaineann sé le h-ardáin eile de chuid Meta fearacht Instagram agus WhatsApp.
Tagann an rialú de bharr fhiosrúcháin a rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí faoi na huirlisí dlí a bhíonn á n-úsáid ag Meta le sonraí lucht úsáidte Facebook a aistriú go Meiriceá.
"Gnáthchlásail conartha" a thugtar ar na huirlisí sin ach rialaigh an Coimisiún nach leor iad le seasamh in aghaidh na rioscaí atá ann do chearta bunúsacha agus saoirse bhunúsach daoine agus a gcuid sonraí.
Deir Meta go bhfuil siad chun achomharc a lorg ar an gcinneadh.
Deir siad go bhfuil díomá orthu go bhfuil an mhéar leagtha orthu-san faoi "na huirlisí céanna dlí a úsáid is atá in úsáid ag na mílte cuideachta eile atá ag soláthar seirbhísí san Eoraip".
Rialaigh an Coimisiún in Éirinn ar dtús báire nach mbeadh fíneáil i gceist ach d’easaontaigh rialaitheoirí eile ar an MórRoinn leis sin agus i ndeireadh na dála rialaigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí go ngearrfaí fíneáil ar Meta.

10 mbliana ó shin a scaoileadh an rún faoin easpa cosanta sonraí nuair a léirigh Edward Snowden - a bhí fostaithe ag an am leis an National Security Agency i Meiriceá – go raibh údaráis na Stát Aontaithe i mbun spiaireachta ar dhaoine ar na meáin shóisialta a bhuíochas don aistriú sonraí ón AE go SÁM.
Thug Max Schrems – Ostarach a bhíonn i mbun feachtais faoi phríobháideachas saoránach – dúshlán cúirte do Facebook ar an mbonn go raibh ag cliseadh orthu a chuid cearta príobháideachais a chosaint.
Tar éis blianta fada cur agus cúiteamh sna cúirteanna chuir Cúirt Bhreithiúnas na hEorpa ar neamhnaí an "Sciath Phríobháideachais" – an socrú sa dlí faoi aistriú sonraí a bhíodh i bhfeidhm idir an tAE agus SÁM.
Ó shin tá conradh nua faoi aistriú sonraí aontaithe idir an dá bhloc agus é le cur i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana.