Tá pionós €2.45 milliún gearrtha ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide ar Eircom Teoranta, dá ngairtear eir anois, faoi rótháillí a ghearradh ar chustaiméirí an chomhlachta.
Ina cheann sin, tá sé geallta ag eir go n-aisíocfar airgead leis na custaiméirí atá thíos leis.
Creidtear go mb'fhéidir go mbeadh thart ar 76,000 duine i gceist agus go mb'fhéidir go gcaithfí suas le €6.7 milliún san iomlán a thabhairt ar ais dóibh.
Is custaiméirí iad seo a raibh fadhb ag baint leis an bpacáiste seirbhísí a bhí curtha ar fáil ag eir dóibh, chomh maith le custaiméirí a d'iarr deireadh a chur lena seirbhís ach ar gearradh táillí orthu i gcónaí ina ainneoin sin.
Deir an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide go bhfuil eir ag scrúdú chomhaid an chomhlachta faoi láthair go bhféachfaí leis na custaiméirí ar fad a aithint.
Tosófar ag aisíoc an airgid a luaithe a aithnítear daoine atá ina theideal, a deirtear, agus ba cheart go mbeadh an próiseas ar fad curtha i gcrích faoi dheireadh na bliana.
Tá sé geallta ag eir chomh maith go bhféachfar le córas billeála an chomhlachta a fheabhsú le dúil nach dtarlóidh a leithéid arís.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ