Reáchtáileadh ócáid chomórtha inniu i gcuimhne na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe buamála i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán 49 bliain is an lá inniu.
Maraíodh 34 duine – leanbh sa bhroinn ina measc – agus gortaíodh 300 nuair a phléasc buamaí i ngluaisteáin a bhí fágtha ag dílseoirí ón UVF i dtrí áit éagsúla i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus in áit amháin i mbaile Mhuineacháin.
27 duine a maraíodh i mBaile Átha Cliath agus seachtar a maraíodh i Muineachán.
Tugadh le fios i dtuarascáil an Bhreithimh Henry Barron maidir leis an sléacht, a foilsíodh fiche bliain ó shin, go raibh baint dhíreach ag saighdiúirí i reisimint UDR na Breataine agus ag póilíní san RUC leis na hionsaithe.
Táthar den bharúil freisin go raibh aonaid eile in Arm na Breataine bainteach leis na dílseoirí a bhí freagrach as na buamaí ach níl an t-eolas ar fad ar fáil mar nach bhfuil Rialtas na Breataine sásta na comhaid chuí a fhoilsiú.
Cháin an Breitheamh Barron an Garda Síochána agus Rialtas na hÉireann na linne chomh maith faoi fhaillí a dhéanamh san fhiosrúchán.
Níor cúisíodh aon duine riamh maidir leis an uafás.
Inniu, leagadh bláthfhleasca ar Shráid Thalbóid, áit ar phléasc an chéad bhuama an lá úd agus ar maraíodh ceithre dhuine dhéag dá bharr.
Labhair an Tánaiste Micheál Martin, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Caroline Conroy agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhuineacháin Seán Conlon, chomh maith le gaolta na marbh ag an ócáid inniu.
Is é an t-iriseoir mór le rá Vincent Browne a thug an phríomhóráid bhliantúil.
Gheall Micheál Martin go leanfadh Rialtas na hÉireann air ag tathant ar Rialtas na Breataine cáipéisí oifigiúla ón am a chur ar fáil d'iniúchóirí.
Dúirt Margaret Urwin ón ngrúpa Justice for the Forgotten a d'eagraigh an ócáid go raibh an-imní orthu faoin reachtaíocht atá beartaithe ag Rialtas na Breataine maidir le coireanna a rinneadh le linn na coimhlinte sa Tuaisceart – maruithe san áireamh.
De réir na reachtaíochta sin, ní chuirfí an dlí ar chiontóirí dá gcomhoibreoidís le coimisiún nua athmhuintearais agus faisnéise atá le bunú.
Ní fhéadfaí cásanna sibhialta ná coistí cróinéara a thionscamh ach oiread, dá gcuirfí an reachtaíocht i bhfeidhm.
Tá an reachtaíocht cáinte ag na páirtithe polaitíochta ó thuaidh, ag Rialtas na hÉireann agus ag gaolta daoine a maraíodh.
Dar leo go bhfuil Rialtas na Breataine ag féachaint le brat a chur ar gach cúis atá imithe ar ceal leis an aimsir.
Is í an fhírinne, áfach, a deir siad, nach bhfuil aon chúis imithe ar ceal ná as cuimhne agus nach bhfuil san aimsir a caitheadh idir dhá linn ach ceirín ar fada ón gcneá é.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ