skip to main content

Vodafone le 11,000 fostaí a ligean chun siúil

Titim €1.5 billiún i saorshreabhadh airgid Vodafone tuartha
Titim €1.5 billiún i saorshreabhadh airgid Vodafone tuartha

Tá sé fógartha ag an ollchomhlacht teileachumarsáide Vodafone go bhfuiltear le 11,000 fostaí a ligean chun siúil as seo go ceann trí bliana.

Tuigtear faoi láthair nach mbeidh aon duine den 1,200 duine atá fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn i measc na ndaoine a leagfar as obair.

Dúirt príomhfheidhmeannach nua Vodafone Margherita Della Valle go ndearnadh an cinneadh deireadh a chur leis an oiread sin post le fonn gnóthaí an chomhlachta a shimpliú agus le súil an comhlacht a chur i lár an aonaigh arís.

Deirtear go gcreideann infheisteoirí gur comhlacht róchaomhach é Vodafone a threabhann chun cinn go liopasta, más chun cinn féin é.

Meastar go mbeidh titim €1.5 billiún i saorshreabhadh airgid Vodafone i mbliana, sin an t-airgead a bheas fanta ag an gcomhlacht i ndeireadh na bliana tar éis na billí ar fad a íoc.

Tá thart ar 100,000 fostaithe ag Vodafone i dtíortha éagsula san Eoraip agus san Afraic.

Cheana féin i mbliana, tá 1,000 fostaí ligthe chun siúil ag an gcomhlacht san Iodáil agus táthar á thuairisciú go mb'fhéidir go gcuirfí deireadh le 1,300 post eile sa Ghearmáin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ