Mhaolaigh an ghníomhaíocht san earnáil tógála níos géire mí an Aibreáin ná an mhí roimhe sin - léiriú eile ar an anró sa tionscal.
Taighe ón BNP Paribas Real Estate Ireland Construction PMI a léirigh an maolú in orduithe nua, i dteannta laghdú ar fhostaíocht agus ar cheannach ionchuir.
7 mí as a chéile anois atá laghdú tagtha ar ghníomhaíocht tógála, agus bhí mí an Aibreáin ar an mí is measa le ráithe.
"Pátrún anois é" a deir John McCartney, an Ceannasaí Taighde ag BNPRE.
Tá maolú leanúnach i dtógál tithíochta.
Go deimhin tá an maolú níos tréine ná mar a bhí ó thús na bliana.