skip to main content

Deir CLG nár shuim le Virgin Media cearta craolta a cheannacht

"Bhí ar chumas an GAAGO sólúbthacht níos mó a sholáthar maidir le sceideal na gcluichí, 24 cluiche breise a thaispeáint agus praghsáil ní ba sólúbtha a chur ar fáil don lucht féachána agus do bhaill," a dúirt an CLG
"Bhí ar chumas an GAAGO sólúbthacht níos mó a sholáthar maidir le sceideal na gcluichí, 24 cluiche breise a thaispeáint agus praghsáil ní ba sólúbtha a chur ar fáil don lucht féachána agus do bhaill," a dúirt an CLG

Dúirt an Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna gur iarr siad ar Virgin Media léiriú spéise a chur faoina mbráid maidir le cearta craolta, ach go ndearna an craoltóir neamhspleách soiléir gur i gcearta do chluichí a bhí "réidh le craoladh" a bhí a spéis.

I bhfianaise na conspóide atá tarraingthe ag GAAGO ó cuireadh cluichí craoibhe iomána na Mumhan taobh thiar de bhalla íocaíochta, d'eisigh Virgin Media ráiteas inár dhúirt siad nach raibh an teagmháil ag Páirc an Chrócaigh leis an stáisiún maidir le cearta craolta nuair a shocraigh Sky Television deireadh a chur lena socrú 9 mbliana leis an CLG.

Dúradh sa ráiteas: "Nuair a shocraigh Sky Television gan a gcearta CLG a athnuachan, ní dheara an Cumann Lúthchleas Gael teagmháil le craoltóirí eile lena fháil amach an mbeadh suim acu na cluichí a chraoladh, ach chinn siad gan aon chúis na cluichí a chur taobh thiar de bhalla íocaíochta."

Cheistigh Virgin ar íoc RTÉ aon rud ar shon na gcearata seo nó an é gur aontaigh siad na cluichí a choiméad taobh thiar de bhall chun borradh a chur faoin teacht isteach don dá pháirtí i GAAGO, siad sin RTÉ agus an CLG."

"I bhfianaise na n-arduithe de na millúin atá faighte ag RTÉ i maoiniú Stáit le blianta beaga, tá níos mó cearta Spóirt ag RTÉ anois ná atá ar a chumas a thaispeáint ar a gcuid cainéil, rud a fhágann go bhfuil iachall ar lucht íoctha an cheadúnais teilfíse tuilleadh fóir-íocaíochta a dhéanamh ar RTÉ anois tré íoc as ábhar Spóirt an CLG tríd a gcomhfhiontar leis an CLG."

Dúirt an Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna go bhfuil "roinnt fíorais mhíchruinne agus ráitis mhíthreoracha" sa ráiteas seo ag Virgin.

Dúirt an CLG go bhfuil "roinnt fíorais mhíchruinne agus ráitis mhíthreoracha" i ráitea Virgin Media

Deir an eagraíocht gur iarr siad ar Virgin Media a ráiteas a cheartú ach nuair nár tháinig freagra uathu, gurbh éigean don CLG an taifead a cheartú agus a dhearbhú go ndearna an CLG teagmháil leosan agus le páirtithe eile maidir le cearta craolta a cheannacht.

Dúirt an Cumann: "Chomh fada siar le Feabhra 2021, rinne an Cumann teagmháil le Virgin Media TV agus le dreamanna eile. Cuireadh cur síos sonrach ar fáil de na roghanna go léir a bhí ar fáil. Bhí roinnt mhaith cruinnithe eadrainn, chomh maith le glaonna teileafóin, ríomhphostanna agus malartú cáipéisí idir an Cumann agus na comhlachtaí go léir."

"Ní bhfuair an CLG aon tairscint fhoirmeálta ó VMTV ná aon léiriú spéise. I Meitheamh 2022, rinne an Cumann teagmháil arís eile le Virgin lena chinntiú nach raibh sé i gceist acu tairscint a chur faoinár mbráid."

"Bhí VMTV soiléir gurb é an múnla a bhí acu, gan cearta craolta a cheannacht ach ina áit sin díriú ar phacáistí 'réidh le craoladh' - sé sin: léirithe nach gá aon léiriú seachtrach a eagrú chun craoladh beo a dhéanamh. I mbeagán focal tugadh gach deis do VMTV na roghanna, agus na pacáistí éagsúla a phlé, agus ansin tairscint a dhéanamh. Roghnaigh Virgin gan aon tairscint a dhéanamh."

Dúirt an Cumann Lúthchleas Gael go ndearna Sky Television tairscint leanacht lena bpáirtnéireacht ach nach raibh sé ar chumas na heagraíochta an rogha a b'fhearr le Sky a chur ar fáil "de bharr gur mhian linn clúdach saor in aisce níos fearr dár bpacáiste Sraithe Náisiúnta. Is iad TG4 agus RTÉ a fuair na cearta sin ar deireadh. Cé go ndearna Sky tairscint ar phacáiste níos lú, chinn an eagraíocht sa deireadh dul ar aghaidh le GAAGO."

"Rinneadh an cinneadh seo de bhrí go raibh ar chumas GAAGO sólúbthacht níos mó a chur ar fáil maidir le sceideal na gcluichí, 24 cluiche breise a thaispeáint agus praghsáil ní ba sólúbtha a chur ar fáil don lucht féachána agus do bhaill."