skip to main content

Rásaí curach an Tóstail le feiceáil arís i mBóthar na Trá

Iomróirí ag réiteach le cur chun farraige i mBóthar na Trá i nGaillimh inniu mar chuid den Tóstal.
Iomróirí ag réiteach le cur chun farraige i mBóthar na Trá i nGaillimh inniu mar chuid den Tóstal.

Bhailigh slua ar an bPromanáid i mBóthar na Trá i nGaillimh inniu don dara lá de 'Thóstal na Gaillimhe' - an fhéile chlúiteach rásaíochta curach a bhfuiltear ag iarraidh athbheochan a dhéanamh uirthi.

Bunaíodh ‘An Tóstal’ i 1953 ar an gCladach i gcathair na Gaillimhe ach bogadh go Bóthar na Trá é an bhliain dar gcionn. Ritheadh rásaí curach gach bliain ann go dtí 1959 ach d'imigh an fhéile i léig go dtí gur tugadh faoi í a bhunú arís i 2011.

Ba le linn ré órga an Tóstail a bhain triúr fear de chlann na Seoighe as Inis Bearacháin i gConamara clú is cáil amach lena gcuid éachtaí iomraidh. D'éirigh leis na col ceathracha John William Seoighe, John Bhaibín Seoighe agus Máirtín Chóilín Seoighe comórtas Sinsir na bhFear a bhuachan trí huaire.

Cé cur ritheadh rásaí an Tóstail i mBóthar na Trá arís i 2011 agur ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin, níor éirigh leis na h-iarrachtaí leanacht leo - go dtí i mbliana.

Inné is arís inniu bhailigh na sluaite ar an 'bProm' ag breathnú ar na rásaí agus cé go raibh sé ag cur díle inniu, níor chuir sin isteach ar na hiomaitheoirí diongbháilte.

Na sluaite i láthair ag an Tóstal i mBóthar na Trá sna 1950aidí. (Pictiúr le caoinchead Tom Kenny)

Cé go bhfuil sé deich mbliana ó bhí an Tóstal deiridh ar bun, níor mhaolaigh ar dhíocas na n-iomróirí i mbliana, go háirithe Michaelín Beag Báinín Ó Cualáin ón gCeathrú Rua a ghnóthaigh comórtas na bhFear anseo deich mbliana ó shin.

Deir Michaelín go bhfuil an Tóstal an-tábhachtach, go háirithe don dream óg le go gcoinneodh siad an traidisiún beo. "Tá díocas ar chuile dhuine anseo gnóthachtáil agus mura bhfuil sé sin ann níl aon chuma air," a dúirt Michaelín.

Agus ní raibh turas in aisce go Bóthar na Trá ag Michaelín inniu - d'éirigh leis féin, Shane Mac Donnchadha agus Christopher Day ón gCeathrú Rua comórtas Sinsir na bhFear a thabhairt leo.

Tá an Coiste ag obair ar Fhéile na bliana seo chugainn agus tá súil acu cuireadh a thabhairt do chriúnna as Meiriceá le go mbeidh iomaíocht idirnáisiúnta ag Tóstal na bliana 2024.