Tá ochtar maraithe in ionsaí gunna ag ionad siopadóireachta ó thuaidh de Dallas sna Stáit Aontaithe.
Mharaigh na póilíní an gunnadóir nuair a thosaigh sé ag scaoileadh urchair taobh amuigh de Allen Premium Outlets i gcathair Allen, i stát Texas.
Dúirt ceannasaí na bpóilíní Brian Harvey, go meastar go bhfuil ar a laghad ochtar gortaithe. Idir 5 agus 61 bliain d'aois atá na daoine atá gortaithe.
Síltear gur ag gníomhú leis féin a bhí an fear ach ní fios fós céard a ba chúis leis tabhairt faoin ionsaí.
Daonra de 100,000 duine atá i gcathair Allen atá 25 míle soir ó thuaidh de Dallas.
Tháispeáin pictiúir theilifíse na céadta ag siúl amach as an ionad siopadóireachta go mall réidh go gairid i ndiaidh den scaoileadh tosnú, agus a lámha san aer acu do na póilíní a bhí ar garda taobh amuigh.
Dúirt duine amháin a chonaic an marú, le WFAA TV, ceann de stáisiúin teilfíse ABC, go raibh an gunnadóir "ag siúl síos an cosán agus ag scaoileadh urchair go fánach ar fud na háite."
Bhí fuil le feiceáil ar na cosáin taobh amuigh den ionad siopadóireachta, chomh maith le braillíní geala a bhí leagtha anuas ar na coirp, a shíltear.
Tá eachtraí mór-lámhaigh ag éirí níos coitianta sna Stáit Aontaithe - measanna an Chartlann um Fhoréigean Gunnaí gur tharla 198 eachtra go dtí seo i 2023. Seo an líon is mó eachtraí go dtí an tam seo den bhliain ó bhí 2016 ann.
Rangaítear mór-lámhach mar eachtra ina maraítear nó a ngointear ceathar nó os a chionn, gan an gunnadóir a chur san áireamh.