skip to main content

An scoláire agus scríbhneoir Risteard Mac Gabhann ar lár

Múinteoir, léachtóir agus ceoltóir a ba é Risteard Mac Gabhann a d'fhág a lorg ar shaol na Gaeilge i gcathair Dhoire.
Múinteoir, léachtóir agus ceoltóir a ba é Risteard Mac Gabhann a d'fhág a lorg ar shaol na Gaeilge i gcathair Dhoire.

Tá an scoláire, an scríbhneoir Gaeilge agus an ceoltóir as Doire, Risteard Mac Gabhann, ar shlí na fírinne. Bhí sé ceithre bliana is na ceithre scóir.

Iarscoláire de chuid Choláiste Cholmcille i gcathair Dhoire a bhí ann agus céimí de chuid Ollscoil na Ríona.

Bain sé iarchéim sa Teangeolaíocht Fheidhmeach amach in Ollscoil Essex.

Chaith sé tamall ina mhúinteoir scoile i gCaisleán na Deirge, i dTír Eoghain sular ceapadh ina chéad léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Nua Uladh é sna 1970í. Nuair a bunaíodh institiúid i gColáiste Mhig Aoidh i nDoire a bhí dírithe ar an fhoghaimeoir aosach, bhog sé go dtí an Ollscoil sin.

Ina bhlianta ar scor bhí baint mhór aige le hobair dheonach ar son na Gaeilge: Iontaobhas Ultach, Foras na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Institiúid Teangeolaíochta Éireann, (Iomairt) Colmcille, An Gaeláras and Cultúrlann Uí Chanáin.

Bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Ogmios, (Dia Deisbhéalach na gCeilteach) agus tá cáil ar a chúrsa ilmheán don fhoghlaimeoir aosach, 'Tús Maith.'

I measc a chuid leabhar tá Gaois na nAoiseanna - bailiúchán de mhachnaimh filí agus fealsúna, lucht réabhlóide agus síochána

Chuir sé comhairle ar léiritheoirí teilifíse, ina measc an tsraith Seanchaí don BBC agus RTÉ, faoi stair, logainmneacha, ginealaigh agus miotaseolaíocht.

Seinnteoir cairdín agus amhránaí cumasach a bhí ann agus ba mhinic é páirteach i seisiún rialta ceoil i nDoire.

Nuair a bunaíodh Cultúrlann Uí Chanáin sa chathair sin, chuir sé tús le ceardlann amhránaíochta, Claisceadal cois Feabhail.

Níl sé ach roinnt seachtainí ó shin ó seoladh a shaothar deireanach Claisceadal Cois Baile, a bhfuil breis is 120 amhrán Gaeilge ann, mar aon le haistriúcháin Béarla agus stair agus cúlra na n-amhrán – amhráin ó oidhreacht Ghaelach na hAlban ina measc.