Rinneadh ungadh agus corónú ar Rí Charles III Shasana inniu le linn an tsearmanais is faide dá bhfacthas sa Bhreatain le 70 bliain.
I láthair chéad de cheannairí an domhain agus na milliúin de lucht féachána teilifíse, leag Ardeaspag Canterbury agus ceannaire na hEaglaise Anglacánaigh coróin 360 bliain d'aois Naomh Éadbhard ar chloigeann an Rí Charles i Mainistir Westminster.
Scaoileadh cúirtéis gunna ag Túr Londan agus in áiteanna eile sa chathair agus ar fud na Breataine, chomh maith le Gibraltar, Bermuda agus ar longa ar muir.
Bhí an searmanas taibhseachta a mhair dhá uair a chloig ar cheann de na hócáidí a ba shóúla agus ba mhaisiúla dá bhfacthas ó rinneadh Éilis a II a chorónú sa mhainistir chéanna 70 bliain ó shin i 1953. Síltear go dtéann traidisiún an tsearmanais siar chomh fada le ré Liam Concaire i 1066.
Ba é seo an daicheadú searmanas corónaithe i Mainistir Westminster.
I ndiaidh scol trumpaí, lig an slua sa Mhainistir gáir mholta: "Dia leis an Rí Charles. Go maire an Rí Charles. Go maire an Rí go deo."
Rinneadh Camilla, dara bean chéile an Rí Charles, a chorónú ina banríon chomh maith le linn na hócáide céanna.
I ndiaidh an tsearmanais d'fhág Charles, 74 agus a chéile Camilla, 75, an Mhainistir i gcóiste órga a tógadh don Rí Seoirse a III - ba eisean an rí deireanach ar choilíneachtaí Meiriceánacha na Breataine.
Chuaigh siad as sin go Pálás Buckingham faoi thionlacan 4,000 ball den arm ó 39 tír.
Dúirt an Príomh Aire Rishi Sunak nach bhfuil sárú na Breataine le fáil i gcur taispeántais dá leithéid i láthair - "idir mórshiúlta, taibhseacht, searmanais agus cóisireacha sráide."
Ach ainneoin dhíograis an Phríomh Aire Sunak, tá amhras ag méadú i measc an phobail agus go háirithe i measc an aos óig, maidir le ról na monarchta, i bhfianaise na ndeacrachtaí móra i sochaí na Breataine.