Tá an tUachtarán Michael D Higgins agus an Taoiseach Leo Varadkar i Londain inniu do shearmanas corónaithe Charles Shasana mar Rí ar an tír.
Seo an chéad uair ag ceannairí an Stáit i bheith i láthair ag corónú mhonarc de chuid na Breataine.
Beidh an Taoiseach agus an tUachtarán i measc na gcéadta duine a fuair cuireadh a bheith i láthair ag an searmanas sollúnta i Mainistir Westminster.
D'fhreastail an bheirt cheannaire ar fháiltiú aréir i bPálás Buckingham a eagraíodh mar chuid de shraith ócáidí a bhaineann leis an chorónú
I ráiteas a d'eisigh sé, dúirt an Taoiseach go bhfuil "ceangail dhomhaine pholaitiúla, eacnamúla, chultúrtha agus phearsanta ag Éirinn leis an Bhreatain, tír inár chaith cuid mhaith dár muintir a saol."
Dúirt sé gur "seanchairde le hÉirinn iad an Rí Charles agus an Bhanríon Camilla agus gur iomaí cuairt tugtha ag Charles ar an tír seo le fiche bliain anuas ina iarracht dea-chaidreamh, comhoibriú, síocháin agus athmuintearas a chothú agus a neartú. Dúirt mé leis an Rí go bhfuil súil agam go leanfaidh sé dá chuairteanna le linn a réimis."
Beidh baill de Shinn Féin i láthair ag an chorónú chomh maith. Dúirt Michelle O'Neill ar na meáin shóisialta gur mar Chéad Aire Ainmnithe ar Thuaisceart Éireann a bheidh sí ag freastal ar an imeacht.
Beidh mé i láthair ag Coronú an Rí Charles III inniu mar Chéad Aire Ainmnithe. Tá mé diongbháilte faoi bhogadh chun cinn agus ionadaíocht a dhéanamh ar an phobal iomlán. Tá an tírdhreach pholaitiúil ar fud ár n-oileáin ag athrú. Tá sé de chúram orm saol a chruthú a mbeidh gach duine páirteach ann."