skip to main content

Fear gafa sa tSeirbia maidir le heachtra lámhaigh inar maraíodh ochtar, an dara heachtra mar é atá tarlaithe le seachtain anuas

Fear gafa sa tSeirbia maidir le heachtra lámhaigh inar maraíodh ochtar, an dara heachtra mar é atá tarlaithe sa tír le seachtain anuas
Fear gafa sa tSeirbia maidir le heachtra lámhaigh inar maraíodh ochtar, an dara heachtra mar é atá tarlaithe sa tír le seachtain anuas

Tuairiscítear go bhfuil fear go raibh amhras ann faoi go baint aige le heachtra lámhaigh sa tSeirbia gafa ag póilíní agus ochtar maraithe sa tír sin.

Maraíodh ochtar agus gortaíodh 14 eile ar a laghad in eachtra lámhaigh in aice leis an mBéalgrád.

Tuigtear gur thosaigh fear a bhí armtha ag scaoileadh le daoine ó fheithicil a bhí ag bogadh ag an am cóngarach do shráidbhaile atá lonnaithe tuairim is 60 ciliméadar ó dheas don mBéalgrád agus gur d'imigh sé ar a theitheadh i ndiaidh an ionsaithe.

Bhí dianchuardach ar bun ar feadh na hoíche don bhfear a bhí imithe ar a theitheadh.

Seo an dara heachtra lámhaigh ollmhór atá tarlaithe sa tSeirbia an tseachtain seo.

Mharaigh déagóir naonúr ag bunscoil i bPríomhchathair na Seirbia ag tús na seachtaine san eachtra lámhaigh is measa a facthas sa tSeirbia le blianta.

Tá sé geallta ag Uachtarán na Seirbia Aleksandar Vucic go bhfuiltear chun tús a chur le feachtas chun dí-armáil a dhéanamh agus na céadta míle gunna a bhaint ó dhaoine ar fud na Seirbia.