Tá an comhlacht Meiriceánach Dexcom le suas le 1,000 post a chruthú i mBaile Átha an Rí i gCo. na Gaillimhe.
Táirgíonn an comhlacht braiteoirí monatóireachta leanúnacha do dhaoine a bhfuil diaibéiteas orthu.
Déanfaidh an comhlacht infheistíocht de €300 milliún sa cheantar ó seo go ceann cúig bliana agus tá súil acu go gcruthófar suas le 1,000 post do dhaoine ard oilte sa tréimhse sin. Is le tacaíocht ón Údarás Forbartha Tionscail agus Rialtas na hÉireann a chuirfear na postanna ar fáil.
Seo an chéad áis déantúsaíochta san Eoraip ag Dexcom.
Is ar thailte de chuid an Údaráis Forbartha Tionscail i mBaile Átha an Rí atá sé i gceist an áis a thógáil.
Tá rún ag Dexcom 500 post tógála a chur ar fáil nuair a bheidh an mhonarcha á tógáil agus suas le 1,000 post ard teicneolaíochta do chéimithe agus do theicneoirí nuair a bheidh an áis faoi lán tseoil.
Deir an comhlacht go mbeidh béim ar theicneolaíochtaí glasa san áis.
Má fhaigheann an comhlacht cead pleanála, beidh an láthair ar an chéad áis ag Dexcom san Eoraip. Táirgeoidh an mhonarcha na milliúin braiteoirí monatóireachta leanúnacha glúcóis gach bliain le cabhrú leo siúd a bhfuil diaibéitéas orthu ar fud an domhain.
Bhí Éirinn ar cheann de na chéad mhargaí ar domhan inár sheol an comhlacht a dtáirge Dexcom G7 i mí Dheireadh Fómhair anuraidh.
Is córas braiteoireachta é an Dexcom G7 a chuireann ar chumas daoine a bhfuil diabéiteas orthu, smacht a choinneáil ar an ghalar.
Cuireann an braiteoir a chaitear ar an sciathán, léamh na leibhéal glúcóis chuig deisín nó fón cliste, rud a fhágann nach mbíonn gá le scanáil ná le tástálacha pianmhara ar bharr na méar.
Oibríonn an braiteoir leis an chóras monatóireachta glúcóis atá ar fáil cheana féin ó Dexcom agus a laghdaíonn A1C agus glícéime íseal agus ard.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbeidh sé ar cheann de na hinfheistíochtaí aonair is mó ariamh a rinne an earnáil phríobháideach in iarthar tíre. Chomh maith leis an mhíle post a chruthóidh Dexcom, dúirt an Taoiseach go gcothóidh an infheistíocht go leor deiseanna, postanna agus conarthaí do chomhlachtaí eile sa cheantar.
Dúirt an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta Simon Coveney gur "vóta láidir muiníne" in earnáil teicleighis Iarthar tíre é an cinneadh seo ag Dexcom agus go gcuirfidh sé borradh suntasach i réigiúin an Iarthair, an Mheán-Iarthair agus Lár Tíre.
"Tá sé cruthaithe arís is arís eile ag Éirinn gur féidir linn infheistíocht TeicLeighis a mhealladh ó nuálaithe móra," a dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Forbartha Tionscail, Michael Lohan "agus seo sampla eile de sin."