skip to main content

Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins le bualadh le Rí Séarlas i Londain anocht roimh shearmanas corónaithe an lae amárach

An tUachtarán Higgins le bualadh le Rí Séarlas i Londain anocht
An tUachtarán Higgins le bualadh le Rí Séarlas i Londain anocht

Bualfaidh Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins le Rí Séarlas i Londain anocht roimh shearmanas corónaithe an lae amárach.

Beidh an tUachtarán Higgins ar an gcéad cheann stáit ón dtír seo le bheith i láthair ag searmanas corónaithe.

Beidh an tUachtarán Higgins agus a bhean chéile Sabina i láthair ag fáiltiú i bPálas Buckingham anocht.

Seo an naoú huair don Rí Séarlas agus Uachtarán na hÉireann bualadh le chéile agus caidreamh maith acu le blianta.

Beidh an tUachtarán agus a bhean i láthair i Mainistir Westminster amárach.

Beidh an Taoiseach Leo Varadkar agus Leas-uachtarán Shinn Féin Michelle O' Neill i láthair chomh maith.

Tá na hullmhúcháin dheireannacha á gcur i gcrích i Londain agus tá súil go mbeidh breis is 2,000 aoi ar fad i láthair ag an searmanas.

Meastar go mbeidh na céadta mílte turasóirí ar fud Londain amárach chomh maith. Tuairim is 100 milliún punt sterling a chosnóidh an ócáid mhór an deireadh seachtaine seo.