Tá sé tugtha le fios ag an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl go ndéanfaidh sé a mhachnamh ar an gcaoi is fearr le dul i ngleic le gearán ó phríomhfheidhmeannach Web Summit Paddy Cosgrave.
Baineann an gearán leis an méid a dúirt an Tánaiste Micheál Martin faoi Paddy Cosgrave i nDáil Éireann an tseachtain seo caite.
D'fhéadfadh an Ceann Comhairle an gearán a chur faoi bhráid choiste Dála lena mheas.
Is é an Coiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú a bheadh i gceist.
I litir a foilsíodh ar Twitter inné, mhaígh Paddy Cosgrave gur "baineadh dá dhea-chlú" de bharr a ndúirt an Tánaiste.
Is ag cosaint an Aire Stáit Niall Collins ó Fhianna Fáil a bhí Micheál Martin nuair a cháin sé an suíomh gréasáin The Ditch.
Dar le Micheál Martin "nach meán cumarsáide neamhspleách" é The Ditch.
Ina litir, a chuir sé chuig Cléireach na Dála, mhaígh Paddy Cosgrave gur tugadh le tuiscint i ráiteas an Tánaiste go bhfuil sé "ag tacú le agus / nó ag maoiniú meán cumarsáide agus / nó eagraíocht pholaitiúil a bhfuil Rialtas na Rúise á mhaoiniú nó ag tacú leis".
Tá cead ag duine a chreideann gur chuir ráiteas a rinneadh sa Dáil as dá dhea-chlú, arsa sé, aighneacht a chur faoi bhráid na Dála.
Dúirt Paddy Cosgrave freisin nach bhfuil fírinne dá laghad sa mhéid a mhaígh Micheál Martin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ