Tuairiscítear gur scaoil fórsaí Rúiseacha mórshailbhe diúracán le cathracha san Úcráin i gcaitheamh na hoíche, an phríomhchathair Cív ina measc.
Tuigtear gur dróin 'kamikaze' a bhí i gcuid mhaith de na diúracáin.
Dar leis na húdaráis san Úcráin gur scaoileadh 24 drón le hionaid éagsúla sa tír ach gur cuireadh ocht gcinn déag díobh go talamh sular bhain siad sprioc amach.
Bhí pléascanna i gcathair Zaporizhzhia in oirdheisceart na hÚcráine agus i gcalafort Odesa ar an Muir Dhubh, a dúradh.
Tuairiscíodh inné gur maraíodh 23 duine ar a laghad mar gheall ar ionsaí diúracán ar chathair Kherson i ndeisceart na hÚcráine.
Níl sé soiléir fós cé a bhí freagrach as an ruathar drón a rinneadh ar an gCreimil i Moscó inné, más in a bhí ann.
Séanann na hÚcránaigh nach raibh aon bhaint acusan leis.
Tá Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky sa Háig inniu, mar a bhfuil comhráite ar bun aige le ceannairí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.
Tá barántas gabhála eisithe ag an gcúirt sin i leith Uachtarán na Rúise Vladimir Putin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ