skip to main content

"Iarracht déanta Vladimir Putin a mharú le dróin sa Chreimil"

Pictiúr den ruathar drón a deirtear a tugadh faoin gCreimil (Pic: Ostorozhno Novosti)
Pictiúr den ruathar drón a deirtear a tugadh faoin gCreimil (Pic: Ostorozhno Novosti)

Tá sé á mhaíomh ag an Rúis go ndearna an Úcráin iarracht Uachtarán na Rúise Vladimir Putin a mharú le dróin aréir.

Dar leis na Rúisigh gur féachadh le ruathar a dhéanamh ar áras cónaithe Vladimir Putin sa Chreimil le dhá dhrón, tar éis nach raibh sé ann ag ag am.

Deir na Rúisigh gur éirigh leo an dá dhrón a chur ó mhaith go leictreonach sular bhain siad sprioc amach.

Tá píosaí den dá dhrón ar an talamh sa Chreimil, ar siad, ach níor gortaíodh aon duine agus ní dhearnadh aon damáiste don áit.

De réir áisíneacht nuachta sa Rúis, bhí Vladimir Putin ag obair in áras cónaithe eile dá chuid taobh amuigh de Mhoscó.

I ráiteas a d'eisigh Rialtas na Rúise, dúradh gur ionsaí sceimhlitheoireachta réamhbheartaithe a bhí ann agus gur d'aon ghnó a rinneadh é seachtain roimh Pharáid na Bealtaine i Moscó.

Tugadh le fios sa ráiteas freisin go gcoimeádfadh na Rúisigh an ceart acu féin díoltas a imirt [ar na hÚcránaigh] as an bhfeall, dá dtogróidís.

Tá sé séanta ag na hÚcránaigh nach raibh aon bhaint acusan le haon ionsaí ar an gCreimil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ