skip to main content

Fear gafa maidir le cóisir a reáchtáladh ar son Gerard Hutch

Oifig Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath
Oifig Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath

Tá fear sna seascaidí gafa ag na Gardaí maidir le fiosrúchán atá ar bun acu faoi dhuine d'fhoireann imscrúdúcháin Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána a bheith i láthair ag cóisir a reáchtáladh ar son Gerard Hutch an tseachtain seo caite.

Gardaí ón mBiúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil a ghabh an fear ar amhras gur sceith sé faisnéis. Chuardaigh na Gardaí teach cónaithe an fhir freisin.

Fuarthas Gerard Hutch neamhchiontach Dé Luain seo caite i ndúnmharú David Byrne a lámhachadh in Óstán an Regency i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in 2016 agus reáchtáladh an chóisir an oíche sin leis an bhfíorasc a cheiliúradh.

Is féidir an fear a gabhadh inniu a choinneáil ar feadh ceithre huaire fichead sula gcaithfear é a chúisiú nó a scaoileadh saor.

Tuigtear go raibh an t-imscrúdaitheoir a d'fhreastail ar an gcóisir ina phóilín i dtír eile taobh amuigh den Eoraip sular fostaíodh é i gCoimisiún Ombudsman an Gharda Síochána.

Bhí seomra ar cíos aige i dteach gar don áit a raibh cónaí ar ghaol le Gerard Hutch.

Chuir na Gardaí agallamh ar an bhfear i dtús na seachtaine seo, tráth a dheimhnigh sé go raibh sé ag an gcóisir a bhí ar siúl i dteach i mBaile Átha Cliath.

Tá an fear éirithe as an gCoimisiún ó tháinig an scéal chun solais, agus tá na Gardaí ag scrúdú a chuid taifead digiteach agus ag breathnú siar ar imscrúdúcháin a raibh sé bainteach leo san am a caitheadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ