skip to main content

Ó dheich gcomhlacht a tháinig 57% den cháin chorparáideach a íocadh anuraidh

Ó dheich gcomhlacht a tháinig 57% den cháin chorparáideach a íocadh anuraidh
Ó dheich gcomhlacht a tháinig 57% den cháin chorparáideach a íocadh anuraidh

Léiríonn anailís atá déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim gur ó dheich gcomhlacht a tháinig 57% den cháin chorparáideach a íocadh sa tír seo anuraidh.

Sin 27.5% den cháin uile a íocadh in 2022.

De réir na hanailíse, is €22.7 billiún i gcánacha a bailíodh ó chorparáidí anuraidh, ar ardú 48% é ón mbliain roimhe sin.

Meastar go n-ardóidh sé arís i mbliana go dtí barr ar €24 billiún.

Fágann sé seo go n-íoctar níos mó cánach corparáidí ná Cáin Bhreisluacha leis an Stát anois, ar mórathrach scéil é le cúpla bliain.

I ráiteas, áfach, rinne an tAire Airgeadais Michael McGrath a bheag den scéal.

Thug sé le fios nár chóir gealltanais a thabhairt faoi chaiteachas [a mhéadú] ná faoi chánacha [a laghdú] de réir admhálacha cánach a d'fhéadfadh a bheith sealadach.

Tá Michael McGrath le páipéar a fhoilsiú go luath faoi chuid den airgead a fhaightear ó chorparáidí a chur i dtaisce i gciste nua infheistíochta poiblí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ