Cuireadh tús ar maidin inniu leis an ionchoisne faoi thubaiste an Stardust.
Fuair 48 duine óg bás i loscadh mór i gclub oíche an Stardust in Ard Aidhin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath Oíche na Féile Vailintín i 1981.
Bhí máthair dhuine acu, Michael Barrett, ar an gcéad fhinné a thug fianaise ag an ionchoisne inniu.
Seacht mbliana déag a bhí Michael Barrett agus ábhar pluiméara a bhí ann.
Dúirt Gertrude Barrett gur mac iontach agus deatháir iontach ab ea Michael.
Ógánach an-chineálta a bhí ann, agus bhí sé dóchasach agus uaillmhianach faoina raibh i ndán dó, arsa sí.
Go deimhin, thug sí le fios go raibh rún aige a ghnólacht féin a bhunú.
Bhí Michael ag obair mar dhioscmharcach cúnta sa Stardust oíche na tragóide.
Teaghlach sona a bhí iontu roimh an uafás, a dúirt Gertrude Barrett, ach ní raibh sa saol ach crá croí ar muin crá croí ina dhiaidh.
Ní dhéanfaidh sí dearmad go brách ach oiread, ar sí, ar fhuarchúis [daoine eile] i ndiaidh na tubaiste.
Solaoid ar chás na marbh agus a dteaghlach is ea scéal Michael Barrett.
Sular chuir sí tús leis an éisteacht inniu, léigh an cróinéir an Dr Myra Cullinane ainmneacha gach uile dhuine a maraíodh an oíche úd os ard.
Mhaígh sí gur lá fíorthábhachtach a bhí ann inniu agus dúirt sí le baill an choiste cróinéara go gcuideodh na duinedhíolamaí, nó na mion-bheathaisnéisí, go gcuideoidís leo cló daonna a chur arís ar na mairbh.
Is iad na daoine óga a maraíodh sa Stardust is mó is cás leis an ionchoisne, arsa an Dr Cullinane, agus caithfear a ndea-chlú a dhearbhú.
Tiocfaidh an coiste cróinéara le chéile ceithre lá sa tseachtain agus cuirfidh gaolta na marbh, saineolaithe agus finnéithe éagsúla eile fianaise os a gcomhair.
Deirtear gurb é an t-ionchoisne is mó riamh sa Stát é agus ceaptar go mairfidh sé sé mhí.
Tháinig gaolta na marbh le chéile ar maidin sa Ghairdín Cuimhneacháin, timpeall an chúinne ó champas Ospidéal an Rotunda, áit a bhfuil an t-ionchoisne ar siúl.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ