Tá sos comhraic 72 uair an chloig curtha i bhfeidhm ar maidin ag an dá dhrong mhíleata atá in adharca a chéile sa tSúdáin.
Fágann sé go bhfuil ionú anois ann saoránaigh ó thíortha eile a thabhairt amach as an tír gan cúrsa na slat a rith.
Tuairiscítear gur taidhleoirí ó na Stáit Aontaithe agus ón Araib Shádach a chuir ina luí ar an dá thaobh an sos comhraic a chur i bhfeidhm.
Tá an baol ann i gcónaí, áfach, nach gcloífear leis an sos comhraic, go háirithe ó sháraigh ceann éigin den dá dhream socruithe sealadacha dá shórt cheana.
Áirítear thart ar 430 duine a bheith maraithe le deich lá sna caismirtí idir dhream amháin atá dílis do cheannaire míleata na Súdáine agus dhream eile atá dílis don leascheannaire.
Sin iad an Ginearál Abdel Fattah al-Burhan, a bhfuil bunáite an airm dílis dó, agus Mohamed Hamdan Dagalo, a bhfuil fórsa mór paraimíleata faoina cheannas.
Easaontas idir an bheirt sin faoi aistriú na cumhachta go dtí rialtas sibhialtach údar an imris.
Deirtear go bhfuil tuairim is céad saoránach Éireannach agus a dteaghlaigh réidh le himeacht as an tSúdáin ach an fhaill agus an acmhainn a bheith acu.
Tuigtear go bhfuil leathchéad duine atá bainteach leis an tír seo tugtha amach as an tSúdáin cheana féin le cúpla lá.
Tá sé dearbhaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha gur tugadh go Djibouti iad le cúnamh ón bhFrainc agus ón Spáinn.
Tá meitheal speisialta éigeandála le cur go Djibouti ag an Rialtas le haslonnú daoine ón tSúdáin a chomhordú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ