Thug an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha,Micheál Martin le fios go bhfuil thart ar 50 saoránach Éireannach aslonnaithe ón tSúdáin san Afraic go dtí seo.
Ghabh sé buíochas ar maidin leis an Fhrainc agus an Spáinn a bhfuil 'sár-obair' á dhéanamh acu maidir leis an bhfeachtas fóirthinte sa tSúdáin faoi láthair.
Ag labhairt dó ar an gclár raidió de chuid RTÉ, Morning Ireland ar maidin, dúirt an Tánaiste go raibh suas le 150 saoránach de chuid na tíre seo i ndiaidh clárú ar thóir cabhrach thall ansin.
Thall i Lucsamburg atá an Tánaiste inniu, áit a bhfuil sé ag freastal ag chruinniú de Chomhdháil Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh.
Pléifear cás na Súdáine ag an gcruinniú sin.
Mhol Micheál Martin d'Éireannaigh atá fós sáinnithe sa tSúdáin súil a choinneáil ar chuntas Twitter ambasáid na hÉireann sa Chéinia, áit a bhfaighidh siad comhairle.
Níl aon ambasáid ag an tír seo sa tSúdáin.
Tá sé ráite ag Roinn Gnóthaí Eachtracha na tíre seo go bhfuil 12 duine á gcur acu chun na Súdáine chun cabhrú le hÉireannaigh atá thall ansin.
Foireann cúnta éigeandála (ECAT) atá i gceist agus tá roinnt ball de na fórsaí cosanta ina measc seo chomh maith le hoifigigh de chuid na Roinne.
Tá scliúchas agus corraíol mhór sa tSúdáin le tamall i ndiaidh do mhílisteoirí ansin iarrachtaí a dhéanamh seilbh a ghlacadh ar an tír.
Tá suas le 1,000 saoránach ón Aontas Eorpach i ndiaidh an tír sin a fhágáil agus imní mhór léirithe gur in olcas a rachaidh an foiréigean thall ann.