skip to main content

Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, básaithe

Bhí Tomás Mac Ruairí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Iriseoir ab ea é freisin
Bhí Tomás Mac Ruairí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Iriseoir ab ea é freisin

Tá iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, básaithe.

Iriseoir ab ea é a bhí ag obair leis an Irish Press, leis an nuachtán Gaeilge, Inniu, agus le foilseacháin eile. Bhí sé ina stiúrthóir freisin ar an gcomhlacht cumarsáide Creagáin Teo agus ar CCC Nuacht Teo. Chaith sé seal ina rúnaí ar bhord Raidió na Life, idir 2010 agus 2013.

Dúirt Paula Melvin, atá ina huachtarán faoi láthair ar Chonradh na Gaeilge, gur údar bróin é bás Thomáis Mhic Ruairí do gach duine i gConradh na Gaeilge agus i bpobal na teanga i gcoitinne.

"Cuireann muid ár gcomhbhrón i iúl dá theaghlach i mBaile Átha Cliath agus in Ard Mhaca chomh maith lena chuid cairde ar fad", a dúirt sí.