Tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go dtuigeann sé go bhfuil imní léirithe faoin gcaoi a n-úsáidtear eolas a bhailítear ar TikTok agus faoin tslí a gcuirtear ar aghaidh é.
Ag caint i gCorcaigh a bhí sé, tar éis don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála comhairle a chur ar ranna rialtais agus eagraíochtaí stáit nár chóir TikTok a cheadú ar ghairis oibre fostaithe poiblí.
Cuireadh cosc ar úsáid TikTok le gairid ar ghléasanna oibrithe poiblí sa Ríocht Aontaithe, san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe. Is le comhlacht de chuid na Síne é TikTok agus tá imní léirithe ar fud an domhain maidir le cibearshlándáil ar an ardáin.
Ag teacht sna sála ar an gcosc sna tíortha eile, d'fhógair an rialtas in Éirinn cúpla mí ó shin go raibh siad le comhairle úr a lorg ar an gceist agus thug an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála faoi mheasúnú teicniúil ar TikTok.
Thug an Taoiseach le fios, áfach, go gcaithfear a aithint go gcuireann an comhlacht ByteDance, gur leosan TikTok, go leor infheistíochta ar fáil don tír seo agus go bhfuil go leor daoine fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn. Ach mar sin fhéin, a dúirt sé, ní féidir neamhaird a thabhairt ar chomhairle saineolaithe.
De réir chomhairle an Lárionaid Chibearshlándála, níor chóir TikTok a chur ar ghairis oibirthe poiblí, ach amháin sa gcás go bhfuil géarghá ag baint leis, ó thaobh ghnó na heagraíochta de. Tá an chomhairle sin ag teacht leis an gcosc atá curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach.
I ráiteas inniu, thug TikTok le fios gur údar díomá é an fógra seo agus dúirt siad nach ndearnadh aon teagmháil leosan sular glacadh an cinneadh.
Tá ag géarú ar an imní faoin méid eolais go bhfuil fáil ag na húdaráis sa tSín air trí TikTok. Chun an imní sin a mhaolú, dúirt TikTok go mbéidís toilteanach sonraí úsáideoirí na hEorpa a stóráil i ndá ionad sonraí i mBaile Átha Cliath agus sa tríú hionad san Iorua.