Tá an t-iarchraoltóir in RTÉ, an t-iriseoir Seán Ó Tuairisg, tar éis bháis. Bhí sé 78 bliain d'aois.
B'as an Lochán Beag, Indreabhán, i gCois Fharraige Seán Ó Tuairisg agus bhí sé ar dhuine de na chéad chraoltóirí a raibh a nglórtha le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta i 1972.
Bhí sé páirteach san fheachtas ar son raidió Gaeltachta sna blianta roimhe sin agus i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.
Bhí Seán Ó Tuairisg ar an gcéad láithreoir ag an gclár nuachta agus cúrsaí reatha Adhmhaidin i 1986 agus bhí sé de cháil air go gcuireadh sé ceisteanna crua ar pholaiteoirí na linne.
Chuaigh sé ag obair ina dhiaidh sin don chlár teilifíse Cúrsaí a chraoltaí ar RTE 1 ceithre oíche sa tseachtain.
Bronnadh Gradam Jacob air i 1992 as a chuid oibre ar an gclár sin.
Beidh Aifreann éagnairce Sheáin Uí Thuairisg ar siúl i Séipéal Naomh Ainnín ar an gCnoc in Indreabhán arú amárach agus cuirfear é i Reilig an Chnoic ina dhiaidh sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ