Tuairiscítear gur maraíodh os cionn ceithre scór duine nuair a thit siad i mullach a chéile agus sintíúis láimhe á roinnt ag lucht carthanachta ar shlua mór i bpríomhchathair Éimin, Sana.
Maraíodh 85 duine ar a laghad agus gortaíodh barr ar 300 sa bhrútam, dar leis na húdaráis sa chathair.
Is cosúil gur faoi dhíon scoile a bhí an t-airgead á dháileadh ar an slua nuair a tharla an tubaiste. Bhí mná agus páistí i measc na marbh, a dúradh.
Tugadh le fios go raibh ceannaithe sa cheantar ag dáileadh airgid ar na boicht, ar traidisiún tábhachtach é in Ioslam aimsir na féile Ramadan, nuair a chuir fothrom gan choinne scaoll sa phlód.
D'fhéach cuid acu imeacht as an scoil ach dealraítear gur leag siad a chéile agus gur shatail siad ar a chéile sa scrimisc.
Dúradh go bhfuil na ceannaithe gafa agus á gceistiú ag na póilíní faoinar thit amach.
Tá an saol ina chíor thuathail in Éimin de bharr an chogaidh chathartha atá ar bun sa tír le beagnach deich mbliana.
Dar leis na Náisiúin Aontaithe gur ar éigean atá an tsochaí ansin ag feidhmiú agus go bhfuil 22 milliún duine – dhá thrian den daonra – go bhfuil siad fíorbhocht agus i ngátar fóirithinte ón iasacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ