Tá an feidhmeannach meán cumarsáide Kevin Bakhurst ceaptha ina Phríomh-Stiúrthóir ar RTÉ.
Tiocfaidh an Sasanach i gcomharbacht ar Dee Forbes atá le héirí as san Iúil.
I ráiteas, dúirt RTÉ gur ceapadh Kevin Bakhurst tar éis "próiseas earcaíochta a bhí fairsing agus iomaíoch" agus ar próiseas é, a dúradh, "a bhainistigh Bord RTÉ".
Dúirt Kevin Bakhurst gur onóir dó agus go bhfuil ríméad air a bheith ceaptha sa phost.
Thug sé le fios go mbeadh RTÉ in ann "an t-athrú uaillmhianach a theastaíonn a chur i bhfeidhm agus seirbhís luachmhar agus ábhartha a chur ar fáil san am atá le teacht, ainneoin na ndúshlán ollmhór atá roimh an eagraíocht, go háirithe an iomaíocht idirináisiúnta".
Bhí an ceapachán á chíoradh sna meáin in Éirinn le tamall agus thuairiscigh cuid acu nach raibh baill Bhord RTÉ ar aon fhocal faoi.
I ráiteas, áfach, dúirt cathaoirleach RTÉ Siún Ní Raghallaigh gur d'aon ghuth a cheap na baill Kevin Bakhurst.
Tá eolas agus cleachtadh maith ag Kevin Bakhurst ar an eagraíocht ó bhí sé ina Bhainisteoir Stiúrtha ar Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ idir 2012 agus 2016.
Chaith sé seal le linn na mblianta sin ina Leas-Phríomh-Stiúrthóir chomh maith.
Roimhe sin, chaith sé blianta fada sa BBC agus faoi láthair tá sé ina fheidhmeannach in Ofcom, rialálaí cumarsáide na Breataine.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ